Scéim Deontais Chonláiste 2014

Scéim Deontais Chonláiste 2014

Réitigh Comhairle Contae Chill Chainnigh scéim chun cabhrú le comhlachtaí deonacha maidir le háiseanna conláiste a sholáthar agus táthar anois ag glacadh le hiarratais ar Scéim Deontais Chonláiste 2014. Tabharfar tús áite do thionscadail atá pobalbhunaithe agus iad siúd is mó a mheastar a rachaidh chun sochair an phobail áitiúil.
Déanfar iniúchadh ar an obair go léir a chríochnófar agus ní bhfaighidh ach na hoibreacha siúd a mheastar a rachaidh chun sochair an phobail cistiú faoin Scéim Deontais Chonláiste.
Tá foirmeacha iarratais agus sonraí mínitheacha ar fáil ó láithreán gréasáin Chomhairle Contae Chill Chainnigh nó ó Fhorbairt Páirceanna. Déan teagmháil le Patricia Dwan 056-7794366 nó seol ríomhphost chuig - patricia.dwan@kilkennycoco.ie

Is é an dáta is déanaí a ghlacfar le foirmeacha comhlánaithe iarratais 5.00pm Dé hAoine Márta 28, 2014.
John Mulholland
Stiúrthóir Seirbhísí

Amenity Grant Application Form & Explanatory Notes 2014.doc (size 43.5 KB)


Related Links:


Uaireanta Éigeandála Lasmuigh d’Uaireanta Oifige

Má theastaíonn seirbhís ón Údarás Áitiúil le haghaidh éigeandála lasmuigh de ghnáthuaireanta gnó‚ tabhair an méid a leanas faoi deara:

Ba cheart do dhaoine óna dteastaíonn an tSeirbhís Dóiteáin le haghaidh éigeandála glao a chur ar 112 seachas uimhir ar bith eile.

Gach ceist uisce 1850 278 278 (Uisce Eireann)

Moltar don phobal glao ar chur ar 1890 252654 le haghaidh aon éigeandála eile

Print Bookmark