Comhairli Chontae agus Chathair Chill Chainnigh Scéim na Gaeilge

Caibidil 1

Réamhrá agus Cúlra

Ullmhaíodh an scéim seo faoi Chuid 11 d'Acht na dTeangacha Oifigiúla. Déanann Alt 11 socrú d’ullmhú scéime reachtúla ag comhlacht poiblí a shonraíonn na seirbhísí a bheartaíonn sé a sholáthar:

  • trí mheán na Gaeilge,
  • trí mheán an Bhéarla, agus
  • trí mheán na Gaeilge agus an Bhéarla araon.

 

Leagann an scéim seo na bearta amach a nglacfar leo chun a chinntiú go soláthrófar aon seirbhísí nach soláthraítear trí mheán na Gaeilge faoi láthair trí mheán na teanga sin laistigh de fhráma ama aontaithe. 

  •  
    • Ábhar na Scéime Teanga

D’fhorbair an roinn Seirbhísí Corparáideacha an scéim seo i gcomhar le baill foirne Shinsearacha eile.

Beidh an bhainistíocht shinsearach laistigh de ChomhairleChontae agus Chathair Chill Chainnigh freagrach as cur i bhfeidhm na scéime agus as monatóireacht agus athbhreithniú a dhéanamh uirthi.

Tosaíonn an scéim seo le méid na seirbhísí atá ar fáil trí mheán na Gaeilge faoi láthair, agus cuireann sí leis sin.

Dréachtaíodh an scéim seo le haird tugtha ar ábhair na dtreoirlínte reachtúla eisithe ag an Aire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta faoi alt 11 d’Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003.

1.2 Dáta Tosaithe na Scéime -

Dhearbhaigh an tAire Gnóthaí Pobail, Tuaithe & Gaeltachta an scéim seo. Tiocfaidh an scéim i bhfeidhm an 1/10/2008 agus beidh sí i bhfeidhm ar feadh tréimhse 3 bliana ón dáta sin nó go dtí go ndearbhaíonn an tAire scéim nua de bhun Alt 15 d'Acht na dTeangacha Oifigiúla, cibé ceann acu is túisce.

1.3 Forbhreathnú ar ChomhairleChontae agus Chathair Chill Chainnigh

Is í Comhairli Chontae agus Chathair Chill Chainnigh an t-údarás áitiúil a chuireann seirbhísí áitiúla ar fáil do mhuintir  Chontae agus Chathair Chill Chainnigh..

Is é seo a leanas ár ráiteas misin:

“Tá sé d’aidhm ag Údaráis Áitiúla Chill Chainnigh oibriú i
bpáirtnéireacht le pobal UILE Chill Chainnigh agus na
háisíneachtaí bainteacha chun seirbhísí d’ard-chaighdeán a
sheachadadh agus chun forbairt inmharthanach eacnamaíoch,
sóisialta agus cultúrtha a chur chun cinn don ghlúin atá ann agus
do na glúnta atá le teacht.”

Cuireann Comhairli Chontae agus Chathair Chill Chainnigh go leor seirbhísí éagsúla ar fáil, a mbíonn tionchar acu ar shaol gach saoránaigh sa  Chontae agus sa Chathair. Is iad seo a leanas a feidhmeanna agus a seirbhísí príomhúla:

  • Tithíocht a bhainistiú agus a sholáthar
  • Bóithre, lena n-áirítear bainistiú tráchta agus sábháilteacht
  • Seirbhísí Uisce lena n-áirítear séarachas
  • Rialú agus Dreasachtaí Forbartha
  • Cosaint agus Oideachas Comhshaoil
  • Áineas agus Conláiste lena n-áirítear páirceanna poiblí,leabharlann,ealaoin,agus clóis súgartha
  • Seirbhísí Ilghnéitheacha

 

Tacaíonn roinnt cuspóirí corparáideacha lárnacha le feidhmeanna agus gníomhaíochtaí príomhúla na Comhairlί Chontae agus Chathair, agus áirítear orthu sin:

Ag tacú leis an bpróiséas daonlathach agus le húdarás na gComhaltaí Tofa agus ag
aithint an ghá atá ann le timpeallacht tacúil, sláintiúil agus sábhálta a chruthú don
fhoireann oibre, tacaíonn Údaráis Áitiúla Chill Chainnigh leis na luacha lárnacha seo a
leanas:-
• Rannpháirtíocht agus Cothromaíocht
• Caighdeán ard seachadadh seirbhíse
• Seirbhís a fheabhsaíonn go leanúnach (luach maith airgid agus úsáid á bhaint as
méar ar eolas san áireamh)
• Caighdeáin arda iompair agus macántachta
• Oscailteacht agus freagracht
• Meas agus tacaíocht ar a chéile ag Comhaltaí, Foireann agus an pobal i gcoitinne
• Fócas ar dhaoine ar bhealach a bheadh éifeachtach agus cúramach
• Forbairt leanúnach don Fhoireann
Aithnítear na cuspóirí sin i bPlean Corparáideach 2004-2009 reatha na comhairle a leagann spriocanna dúshlánacha amach maidir le feabhas a chur ar sheirbhísí cathrach agus ar dhaonlathas.

1.4 Custaiméirí agus Cliaint

Áiríonn bonn custaiméirí ChomhairleChontae agus Chathair Chill Chainnigh cónaitheoirí an Comhairlί, an pobal gnó agus na mílte daoine a thugann cuairt ar an Chontae gach lá.

I dteannta sin, tá caidreamh oibre ag an gComhairle  le grúpaí reachtúla agus neamhreachtúla éagsúla.

1.5 Measúnacht a dhéanamh ar a mhéid atá seirbhísí ar fáil trí mheán na Gaeilge cheana féin

Faoi láthair, foilsíonn an Chomhairli Chontae aus Chathair a cáipéisí reachtúla agus a ráitis bheartais eile sa Ghaeilge agus sa Bhéarla de réir fhorálacha alt 10 d’Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003. Tá comharthaíocht phoiblí ghinearálta sa Chontae agus Chathair agus in oifigí na comhairle dátheangach freisin.

Tá sé ar chumas na Comhairle cumarsáid a dhéanamh trí mheán na Gaeilge má iarrann ball an phobail air.

 

Caibidil 2

Seirbhísí/Gníomhaíochtaí Ginearálta na Comhairle a Sholáthar

2.1 Modheolaíocht agus Taighde Déanta

Agus an Scéim seo á hullmhú, ghlac Comhairli Chontae agus Chathair Chill Chainnigh páirt i bpróiseas comhairliúcháin, a raibh i gceist leis:

  • aighnis a lorg ón bpobal faoi dhréacht-scéim a ullmhú

 

  • aighnis a lorg ó bhaill foirne shinsearacha

 

2.2 Modhanna Cumarsáide leis an bPobal

Baineann an Chomhairle úsáid as na modhanna seo a leanas chun cumarsáid a dhéanamh leis an bpobal

  • Bróisiúir & Bileoga Faisnéise
  • Foirmeacha Iarratais
  • Foilseacháin
  • Preas-ráitis
  • Láithreán Gréasáin
  • Fógra Poiblí
  • Radio άitiiύl
  • Bίonn leathnach gach chaicίos insan nuachtάin άitiul

 

2.3 Cáipéisí Scríofa

Cuirfear na beartais seo a leanas i bhfeidhm maidir leis na catagóirí éagsúla de cháipéisí scríofa a tháirgeann Comhairli Chontae agus Chathair Chill Chainnigh le linn shaol na scéime seo:

  • Bróisiúir, Bileoga Faisnéise & Foirmeacha Iarratais

 

Beidh na Foirmeacha Iarratais nua uile a eiseoidh an Chomhairli Chontae aus Chathair ar fáil sa Ghaeilge agus sa Bhéarla ó thús na scéime. Beidh na Bileoga Faisnéise le fail mάs mίan le duine όn pobail.

Le linn shaol na scéime, cuirfidh an Chomhairle na foirmeacha iarratais reatha uile ar fáil sa Ghaeilge agus sa Bhéarla.  
Beidh na Bileoga Faisnéise le fail mάs mίan le duine όn pobail.

Déanfaidh an Chomhairle cinnte go mbeidh na hábhair thuasluaite ar fáil go dátheangach laistigh den chlúdach céanna, ach amháin nuair nach mbeidh sé indéanta mar thoradh ar chineál, méid nó leagan amach an ábhair.

(ii) Foilseacháin

Tá Comhairli Chontae agus Chathair Chill Chainnigh tiomanta do chinntiú go mbeidh aon cháipéisí beartais a fhaigheann cead foilsithe ón gComhairle le linn shaol na scéime seo ar fáil sa Ghaeilge agus sa Bhéarla laistigh den chlúdach céanna, ach amháin nuair nach mbeidh sé indéanta mar thoradh ar chineál, méid nó leagan amach an ábhair.

(iii) Preasráitis

Faoi láthair eisítear preasráitis sa Bhéarla amháin. Faoi dheireadh na scéime, foilseoidh an Chomhairle 10% dá cuid preasráiteas sa Ghaeilge agus sa Bhéarla.  

(iv) Láithreán Gréasáin

Forbróidh Comhairli Chontae agus Chathair Chill Chainnigh leagan Gaeilge dá láithreán gréasáin faoi dheireadh 2008 agus gan fhaisnéis theicniúil a áireamh, cuimseoidh an suíomh sin ar a laghad 10% den fhaisnéis ar an suíomh as Béarla agus beidh 25% den fhaisnéis sin ar fáil as Gaeilge faoi dheireadh na Scéime.

(v) Fέachfaidh an t-Udarάs Άitiul iarracht a dheanamh an teanga duchais a chur chun cinn ins an leatnach uair sa choicίs.Beidh fogra faoi an pholosaί seo a fhoilsiu  ar an leatnach.

 

 
2.4 Cumarsáid ó Bhéal
Is iad fáilteoirí / oibreoirí lasc-chláir na chéad phointí teagmhála don phobal.   Faoi dheireadh na scéime, beidh sé mar bheartas ChomhairleChontae agus Chathair Chill Chainnigh a chinntiú go mbeidh cleachtas caighdeánach maidir le Seirbhís do Chustaiméirí i bhfeidhm sa réimse seo, is é sin:

  • Beidh foireann an fháiltithe/an lasc-chláir in ann ainm an Údaráis Áitiúil a thabhairt as Gaeilge.
  • Beidh na fáiltí bunúsacha ar a laghad ar eolas acu as Gaeilge
  • Beidh socruithe cuí i bhfeidhm ionas go mbeidh siad in ann baill an phobail a chur i dteagmháil, gan mhoill, leis an oifig nó leis an oifigeach freagrach as an tseirbhís éilithe a chur ar fáil as Gaeilge, más ann.

 

Beidh gnéithe den dátheangachas léirithe in aon imeachtaí poiblí le próifíl ard mar chuid d'iarrachtaí na Comhairle an Ghaeilge a chur chun cinn sa phobal ar bhealach dearfach. 

 

Caibidil 3

Seirbhísí/Gníomhaíochtaí curtha ar fáil ag Rannóga

3.1    Réamhrá

Leagann an Chaibidil seo amach an seasamh maidir le soláthar seirbhísí/gníomhaíochtaí ag Rannóga ar leith laistigh den Chomhairli Chontae aus Chathair agus an beartas maidir le teangacha oifigiúla a bheidh i bhfeidhm i ngach cás.

3.2 Teanga Oibre Gach Rannóige

Ní chuireann aon roinn seirbhís ar fáil sa Ghaeilge amháin faoi láthair.

Is é an Béarla an teanga oibre i seirbhísí uile na Comhairle mar seo a leanas

  • Soláthar agus Bainistíocht Tithíochta
  • Bainistíocht Bóithre agus Tráchta
  • Seirbhísí Uisce
  • Pleanáil
  • Cuntais iníoctha agus infhaighte
  • Rialú,Oideachas agus Forfheidhmiú Comhshaoil
  • Oifig Ealaoin
  • Oifigi Aitiul
  • Halla an Chathrach
  • Leabharlann bransaί
  • Seirbhís Dóiteáin
  • Cosaint Shibhialta
  • Seirbhísí Corparáideacha agus Córais Faisnéise

 

I rith shaol na scéime seo, cuirfidh an Chomhairle clár oiliúna i bhfeidhm chun cabhair a thabhairt do na  custaiméirí ins an Roinneog seo

  • Halla an Chontae
  • Leabharlann
  • Halla an Chathrach
  • Seirbhísí Corparáideacha
  • Forfheidhmiú Rialachán Comhshaoil.

 

3.2.1 Rannóga a chuireann seirbhís ar fáil as Gaeilge agus as Béarla

Féadann Leabharlann na Cathrach seirbhís cuntair a chur ar fáil do bhaill an phobail sa Ghaeilge agus sa Bhéarla. Le linn shaol na scéime seo, cuirfear oiliúint ar fáil chun a chinntiú go gcoinnítear an inniúlacht sin i measc baill foirne reatha agus nua.

 

3.2.2 Achoimre

Is í an aidhm ná atmaisféar dátheangach a chruthú agus a chothú sna rannóga liostaithe thuas ionas go mbraithfidh custaiméirí a labhraíonn Gaeilge go bhfuil fáilte romhaibh agus go spreagfar dóibh a gcuid gnó a dhéanamh as Gaeilge agus ionas go mbraithfidh custaiméirí agus an fhoireann araon compordach agus a gcuid gnó á dhéanamh trí mheán na Gaeilge.

 

 

Caibidil 4

Feabhas a chur ar Sheirbhísí Corparáideacha i leith na Gaeilge

4.1 Córais Faisnéise
Maidir le cumarsáid leictreonach, cinnteoidh Comhairli Chontae agus Chathair Chill Chainnigh go gcuirfear na beartais seo a leanas i bhfeidhm:

  • Beidh aon séanadh nó aon teachtaireacht chaighdeánach ar chomhfhreagras ríomhphoist dátheangach faoi dheireadh 2008.

 

  • Déanfaidh an Chomhairli Chontae aus Chathair cinnte go mbeidh ar chumas aon chórais ríomhaire/bogearraí nua a cheannóidh an Chomhairli Chontae aus Chathair déileáil leis an nGaeilge.
  • Comhoiriúnófar córais reatha an chéad uair eile a tharlóidh obair chothabhála phleanáilte nó obair uasghrádaithe.

 

  • Bunófar seoladh ríomhphoist ginearálta d’fhiosruithe as Gaeilge. Déanfaidh an Chomhairli Chontae aus Chathair cinnte go dtabharfar freagraí pras ar fhiosruithe dá leithéid, de réir mar a thugtar freagraí ar fhiosruithe as Béarla.
  • Úsáidfear an t-inlíon mar acmhainn inmheánach chun Gaeilge a chur chun cinn agus chun cabhrú le fiosruithe ginearálta

 

  • Beidh aon chórais idirghníomhacha a úsáideann an pobal chun rochtain a fháil ar sheirbhísí dátheangach faoi dheireadh na Scéime. Cuirfear leaganacha dátheangacha de chórais idirghníomhacha reatha ar fáil freisin an chéad uair eile a tharlóidh obair chothabhála phleanáilte nó obair uasghrádaithe.

 

4.2 Earcaíocht & Socrúchán
Tabharfaidh roinn na Seirbhísí Corparáideacha aghaidh ar shaincheist na Gaeilge maidir le hearcaíocht agus oiliúint.

Tabharfaidh an Chomhairli Chontae aus Chathair aird ar riachtanais na scéime seo agus saincheisteanna maidir le hearcaíocht agus socrúchán/imlonnú á meas aici.

4.3 Oiliúint & Forbairt
I bhfianaise na scéime seo, déanfaidh roinn na Seirbhísí Corparáideacha na nithe seo a leanas:

  • Déanfaidh sí cinnte go dtugtar spreagadh agus deis chomhchosúil do gach ball foirne feabhas a chur ar a scileanna Gaeilge trí chúrsaí oiliúna agus forbartha.
  • Eagróidh sí cúrsaí don fhoireann chun a chinntiú go mbeidh ar chumas na rann na riachtanais leagtha amach sa scéim seo a chomhlíonadh.

 

Caibidil 5

Monatóireacht, Athbhreithniú & Foilsiú na Scéime Aontaithe

5.1 Monatóireacht & Athbhreithniú

Déanfaidh Roinn na Seirbhísí Corparáideacha athbhreithniú rialta ar fheidhmiú na scéime. Cuirfear na hathbhreithnithe sin ar aghaidh chuig Foireann Bainistíochta Shinsearach na Comhairle.

Beidh bainisteoirí líne sna ranna éagsúla freagrach as oibriú laethúil na scéime.  Foilseofar sonraí an dul chun cinn maidir leis an bhforfheidhmiú i dTuarascáil Bhliantúil na Comhairle.

 

5.2 Poiblíocht a Dhéanamh ar an Scéim Aontaithe

Beidh an pobal in ann féachaint ar an scéim ar láithreán gréasáin agus ag oifigí na Comhairle. Scaipfear í freisin ar ghrúpaí reachtúla agus neamhreachtúla a oibríonn sa Chontae agus Chathair.

Cuireadh cóip den scéim seo ar aghaidh chuig Oifig Choimisinéir na dTeangacha Oifigiúla freisin.

 


Related Links:


Uaireanta Éigeandála Lasmuigh d’Uaireanta Oifige

Má theastaíonn seirbhís ón Údarás Áitiúil le haghaidh éigeandála lasmuigh de ghnáthuaireanta gnó‚ tabhair an méid a leanas faoi deara:

Ba cheart do dhaoine óna dteastaíonn an tSeirbhís Dóiteáin le haghaidh éigeandála glao a chur ar 112 seachas uimhir ar bith eile.

Gach ceist uisce 1850 278 278 (Uisce Eireann)

Moltar don phobal glao ar chur ar 1890 252654 le haghaidh aon éigeandála eile

Print Bookmark